Emmet

Leon Ó Broin
2.5
2 ratings 0 reviews
Céad caoga éigin bliain ó shoin is ea shiúil fear óg a bhí feisithe in éadach ginearáil amach ar shráideanna Bhaile Átha Cliath le ceithre fichid compánach a raibh pící agus blunder-busanna á n-iompar acu. Bhí deifir air, óir bhí beartaithe aige caisleán Átha Cliath a ghabháil, príomhdhaingean chumhacht Shasana in Éirinn... 'Ní raibh briseadh riamh b'iomláine ná ba thruamhéilí ná briseadh Emmet', adúirt Pádraic Mac Piaris.' Agus mar sin féin is mórtasaí sinn as a chuimhne ná as cuimhne Bhriain ag Cluain Tairbh, nó cuimhne Eoghan Rua ag breith buaidhe ag an Bheann Bhoirb. Is cuimhne í ar íbirt atá Críostúil ina foirfeacht.' D'iarramar ar Leon Ó Broin cuimhne Emmet a chomóradh don ghlún seo Éireannach. Mar a bheadh súil leis ó údar Pharnell, tá obair fhíorchríochnúil déanta aige: sa leabhar seo scagtar an t-eolas go léir dá raibh ar fáil go dtí seo faoi Emmet, cuirtear ábhar nua leis, agus déantar iarracht scéal a bheatha a fheiceáil agus a mheá ina iomláine. Leabhar é a léifear go forleathan.
Genres:
271 Pages

Community Reviews:

5 star
0 (0%)
4 star
0 (0%)
3 star
1 (50%)
2 star
1 (50%)
1 star
0 (0%)

Readers also enjoyed

Other books by Leon Ó Broin

Lists with this book